Tuesday 9 March 2021, TG4, 8:30pm – 9:00pm
Caitríona decides to keep a dignified silence about her trouble with Vince but she’s forced to air their dirty laundry in public when she finds out people are already talking about them. Then, Superintendent O’Shea turns up asking her more questions about the Community Centre’s missing (now returned) money.
Dan has gone to Glasgow to break it off with his boyfriend but why doesn’t he return Pádraig’s calls or answers any texts.
Colm is quick to tip Caitríona off about O’Shea because he too has his own reasons for wanting this investigation to go away.
Peatsaí has returned with, which puts a smile on Tadhg’s face. However, that smile turns to a growl when he realises Sally is also in tow, complete with an engagement ring!
Dé Máirt 9 Márta 2021, TG4, 8:30pm – 9:00pm
Beartaíonn Caitríona ar a béal a choinneáil dúnta faoin achrann le Vince ach cuirtear iallach uirthi a gcuid gnó a phlé os comhair an phobail nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil muintir an bhaile ag labhairt fúthu cheana féin. Ansin tagann O’Shea chomh fada léi le níos mó ceisteanna faoi airgead goidte (ach atá tugtha ar ais ó shin) an Ionaid Pobail.
Tá Dan imithe go Glaschú chun deireadh a chuir lena chaidreamh lena pháirtnéir, ach cén fáth nach bhfuil teachtaireachtaí Phádraig á bhfreagairt aige?
Tugann Colm rabhadh do Chaitríona faoi O’Shea mar go dteastaíonn uaidh féin go gcuirfear deireadh leis an bhfiosrúchán.
Tá Peatsaí tar éis filleadh, rud a chuireann gáire ar aghaidh Thaidhg. Ní fada a mhaireann an gáire sin, faraor nuair a fheiceann sé Sally in éineacht leis, chomh maith le fáinne gealltanais!
Thursday 11 March 2021, TG4, 8:30pm – 9:00pm
Pádraig is learning that true love never runs smoothly as he still waits to hear from Dan who was due from Glasgow hours ago. But what’s the harm in having a drink and a few laughs with Adam.
Michelle feels under pressure having Vince, her landlord, in the spare room and when she finds out the reason he’s left home, she’s determined he finds somewhere else to live. But Vince has already endeared himself to her housemates.
O’Shea’s more than pleased with herself when she finds overlooked evidence in Frances’ murder enquiry that points the finger at Andy.
Tadhg is determined to keep Sally out of his house, even if she is engaged to Peatsaí. But as soon as Tadhg leaves, Peatsaí grabs the opportunity to sneak her in.
Déardaoin 11 Márta 2021, TG4, 8:30pm – 9:00pm
Tuigeann Pádraig gur iomaí cor a chuireann an grá de agus é fós ag fanacht ar scéal ó Dan a bhí in ainm a bheith fillte ó Ghlaschú na huaireanta an chloig ó shin. Ach cén dochar a bheidh ann cúpla deoch agus spraoi a bheith aige le Adam.
Tá Michelle faoi bhrú go bhfuil Vince, a tiarna talún, ina seomra breise agus nuair a fhaigheann sí amach an chúis gur fhág sé a bhaile féin, teastaíonn uaithi go dtiocfaidh sé ar lóistín eile. Ach tá comrádaithe tí Michelle ceanúil ar Vince cheana féin.
Tá O’Shea fíor-shásta léi féin nuair a thagann sí ar fhianaise nár feiceadh cheana sa bhfiosrúcháin faoi dhúnmharú Frances a dhíríonn an locht ar Andy.
Tá Tadhg ag iarraidh Sally a choinneáil amach as a theach, fiú má tá sí geallta le Peatsaí. Ach chomh luath is go bhfágann Tadhg, tapann Peatsaí an deis í a thabhairt isteach i ngan fhios dó.