Tuesday 23rd March 2021
Mo feels immense guilt that Berni and Bobbi Lee are bearing the brunt of what Andy did, when she knows, above anybody else, he had no involvement in Frances death. What will Mo do?
Pádraig and Dan have eyes only for each other, which Michelle and Sorcha soon pick up on. A worried Pádraig, fearful Sonia will find out, tells Sorcha that he and Dan are not together, and that Dan is not even gay. How will Dan react to this?
Briain is beginning to get on Berni’s nerves and she’s finding fault in all he does. Bobbi Lee thinks Berni should give him a chance. Is Berni coming to the end of her tether with Briain?
Caitríona is disgusted to hear Emma and Rory had an open relationship and wants to hear exactly what happened between her and Vince. Will Emma tell her?
Dé Máirt 23ú Márta 2021
Airíonn Mo fíor-chiontach gur Berni agus Bobbi Lee atá thíos leis an méid a rinne Andy nuair atá a fhios aici féin nach raibh baint ná páirt aige le bás Frances. Cad a dhéanfaidh Mo?
Ní fada go bhfeiceann Michelle agus Sorcha go bhfuil Pádraig agus Dan an-tógtha lena chéile. Tá imní ar Phádraig go bhfaighfidh Sonia amach faoi agus insíonn sé do Shorcha nach bhfuil sé féin agus Dan le chéile agus nach bhfuil Dan aerach fiú. Conas a bhraithfidh Dan faoi seo?
Tá Briain ag cur isteach ar Bherni agus tá sí ag fáil locht ar gach ní a dhéanann sé. Creideann Bobbi Lee gur cheart do Bherni deis eile a thabhairt dó. An bhfuil Berni i ndeireadh na péice le Briain?
Tá déistin ar Chaitríona nuair a chloiseann sí go raibh caidreamh oscailte ag Emma agus Rory agus teastaíonn uaithi fáil amach cad go díreach a tharla idir í féin agus Vince. An inseoidh Emma di?
Thursday 25th March 2021
Briain, furious that Sorcha has blabbed to Michelle, and knowing that she is alone at the house, pays her a visit. Is Sorcha’s life in danger?
Caitríona makes it very clear to Vince that she has no intention of getting back with him. Vince is further disappointed when Maeve tells him he ruined everything, and she hates him. Can things get any worse for Vince?
Colm, wanting to protect Mo, lies to O’Shea about seeing Andy in Ros na Rún on the day Frances was murdered. Will Colm’s lie implicate Andy further or have O’Shea questioning this new information?
Berni is far from impressed when she hears Briain lied to the Gardaí to avoid a speeding ticket, and of his treatment of Sorcha while at Coast Guard training. Will Briain manage to get back into Berni’s good books again?
Déardaoin 25ú Márta 2021
Tá Briain ar buile gur inis Sorcha an scéal do Michelle agus nuair atá a fhios aige go bhfuil sí sa mbaile ina haonar, tugann sé cuairt uirthi. An bhfuil saol Shorcha i mbaol?
Soiléiríonn Caitríona do Vince nach bhfuil baol ar bith go rachaidh sí ar ais chuige. Tá tuilleadh cruatain i ndán dó nuair a deir Maeve leis gur loit sé gach rud agus gur fuath léi é. An féidir le cúrsaí éirí níos measa do Vince?
Tá Colm ag iarraidh Mo a chosaint agus insíonn sé bréag do O’Shea faoi Andy a fheiceáil i Ros na Rún an lá gur maraíodh Frances. An mbeidh tuilleadh impleachtaí ag bréaga Choilm do Andy nó an gceisteoidh O’Shea níos mó é?
Ní mó ná sásta atá Berni nuair a chloiseann sí gur inis Briain bréag do na Gardaí chun ticéad luais a sheachaint agus faoin tslí gur chaith sé le Sorcha ag traenáil na nGardaí Cósta. An éireoidh le Briain dul i gcion ar Bherni arís?